Skip to main content

SPLANC

Fáilte go Splanc, mol áiseanna do mhúinteoirí na nGaelscoileanna.  Léigh ar aghaidh lena thuilleadh eolais a fháil ar a mbíonn le hofráil ag Splanc.
Splanc Educational Resources

SPLANC THEAGAISC

Áiseanna Teagaisc

Cuireann Splanc Theagaisc beagnach 300 leabhar ar fáil do mhúinteoirí na nGaelscoileanna láithreach.  Ar shíntiús bliantúil, tig na háiseanna a íoslódáil i bhfoirm pdf láithreach, le háiseanna nua curtha suas go rialta.  Tabhair spléachadh ar na háiseanna samplacha atá ar fáil saor in aisce.
Cliceáil anseo: Áiseanna Samplacha
Splanc Educational Resources
Irish language education resources
Splanc Educational Resources

SPLANC FHÍSEÁN

Físeáin Ghaeilge

Tugann Splanc Fhíseán deis do na daltaí éisteacht leis an Ghaeilge labhartha agus iad ag amharc ar fhíseáin ghairide.  Nó b’fhéidir gur mhaith leis an mhúinteoir féin físeán a léiriú don rang ar fad leis an sprioc-theanga atá cuimsithe in achan fhíseán a chur i láthair do na daltaí. Bunaithe ar fhocail ardmhinicíochta, tabhair spléachadh ar na físeáin shamplacha.
Cliceáil anseo: Na Quizeanna

SPLANC LÉITHEOIREACHTA

Clár Léitheoireachta

Is ionann Splanc Léitheoireachta agus clár léitheoireachta quiz-bhunaithe.  Ar dtús, thig leis na daltaí teist ar-líne a dhéanamh agus, bunaithe ar thorthaí na teiste, tugtar léibhéal léitheoireachta dóibh.  Ina dhiaidh sin, níl le déanamh ach léamh agus quizanna a dhéanamh.  Gheobhaidh an dalta aiseolas láithreach ar an quiz a dhéanann sí/sé agus thig leis an mhúinteoir sprioc a thabhairt dóibh agus taifead a choinneáil de na scóranna.  Thig leis na páistí na scéalta a léamh agus na quizeanna a dhéanamh gan teist a dhéanamh roimh ré, ach dá mba mhaith leat go ndéanfadh dalta an teist ar-líne, gabh i dteagmháil linn ag info@splanc.eu
Cliceáil anseo: SPLANC LÉITHEOIREACHTA
Irish language education resources

QUIZEANNA MATA

Quizeanna Mata

Réimse quizeanna Mata i Microsoft Forms do dhaltaí ag barr Eochairchéim 2 nó do dhaltaí  atá ag ullmhú don Teist Aistrithe.
Cliceáil anseo: Quizeanna Mata

Splanc Theagaisc

Áiseanna teagaisc do na múinteoirí gnóthacha sna Gaelscoileanna.

Splanc Fhíseán

Físeáin ghairide ar shealbhú agus shaibhriú Gaeilge.

Splanc Léitheoireachta

Clár léitheoireachta quiz-bhunaite a ligeann do na daltaí léamh ag an leibhéal s’acu féin.

An Siopa

Tá réimse leabhar ar fáil sa siopa, tig sonrasc a iarraidh.

Sínigh suas do rochtáin láithreach.
Sínigh Suas Inniu
Irish language education resources

Áiseanna SPLANC

The price for membership is £100.00 now.

Sign Me Up!

Membership expires after 1 Year.
Irish language education resources